TREORACHA FEISTITHE DO PHILLÍNÍ COSCÁIN DE GACH CINEÁL ATÁ ÁBHARTHA MAIDIR LE CEADÚ R90 DO BHRANDA PILLÍN COSCÁIN SRA.

Iarscríbhinn 6: Treoracha Feistithe

Cineál: Gach cineál pillín coscáin

 

  1. GLAN AN TAOBH ISTIGH DE CHAILPÉAR AN CHOSCÁIN
    Glan le haer comhbhrúite, a scaipeann an deannach coscáin carntha go léir. Déan é lasmuigh agus cuimhnigh masc agus gloiní cosanta a chaitheamh.  

  2. SEICEÁIL AN BHFUIL LEACHT COSCÁIN AG SCEITHEADH
    Seiceáil timpeall na loiní i do chailpéar agus seiceáil nach bhfuil na coscáin ag greamú nuair a rothlaíonn tú an roth. Ba chóir go rothlódh an roth go saor. Má tá sceitheadh ann nó má ghreamaíonn na coscáin, is mithid na calipéirí coscáin a athchóiriú le loiní, séalaí, bioráin sleamhnáin, buataisí nua srl.

  3. FÉACH CHUIGE GUR ATHRAÍODH NA LEACHTA COSCÁIN AG NA hEATRAIMH MHOLTA
    Ionsúnn leacht coscáin uisce le himeacht ama, agus d’fhéadfadh na coscáin teip dá bharr. Murar athraíodh an leacht le fada nó má rothaíonn tú go hionsaitheach, is fearr i gcónaí an leacht a athrú níos minice ná a bheith i mbaol tuairteála de bharr easpa feidhme!

  4. SEICEÁIL NACH BHFUIL DO DHIOSCAÍ COSCÁIN AGUS DO PHILLÍNÍ COSCÁIN CAITE
    Is gnách tiús íosta an diosca a bheith clóite nó greanta ar an diosca coscáin. Mura bhfuil, féach do lámhleabhar seirbhíse. Má tá na dioscaí róchaite, molaimid na pillíní coscáin a athrú nuair a fheistíonn tú an rothar le dioscaí nua. Iarr comhairle ar do dhíoltóir áitiúil agus dioscaí nó pillíní á n-athrú agat.

  5. SEICEÁIL AN PATRÚN EITRE SNA PILLÍNÍ COSCÁIN
    Mura bhfuil aon eitre ar dhromchla an phillín coscáin, úsáid cailpéar Vernier chun tiús an phillín coscáin a thomhas i gcodanna éagsúla den phillín. Ba chóir go mbeadh airde an ábhair frithchuimilte (os cionn an phláta taca cruach) 1,5 mm ar a laghad. Má bhíonn na pillíní coscáin caite faoi bhun an phatrún eitre, is mithid iarraidh ar do dhíoltóir áitiúil iad a athrú.

  6. TAR ÉIS PILLÍNÍ COSCÁIN NUA A FHEISTIÚ
    Cuimhnigh i gcónaí, sula dtéann tú ag rothaíocht, an luamhán/troitheán coscáin a phumpáil cúpla uair go dtí go mbraitheann tú teagmháil! 

    Molaimid i gcónaí cúnamh a fháil ó shiopa rothar údaraithe.